Cúrsa Gaeilge 1+ (Tosaitheoirí)
An chéim chéad eile dóibh siúd nach bhfuil ach beagán taithí acu ar an Ghaeilge a labhairt.
Féilire
Teideal | Praghas | ||
Déardaoin, 2 Deireadh Fómhair 2025 –
Déardaoin, 27 Samhain 2025
| |||
Cúrsa Gaeilge 1+ (Déardaoin) — 7.00–8.30pm | €160 | Cláraigh » |
Tá an cúrsa seo fóirsteanach dóibh siúd a chríochnaigh Cúrsa Gaeilge 1 nó a bhfuil tuiscint acu ar na codanna is bunúsaí den teanga amháin.
Cuir eolas ar cheann de na teangacha is suimiúla agus is saibhre san Eoraip. Beidh na ranganna seo, a ullmhaíodh go speisialta ar mhaithe leis an fhoghlaim ar líne, mar threoir agat agus tú ag dul i ngleic le céadchéimeanna na teanga. Bainfidh tú buntáiste as ceachtanna struchtúrtha ina mbeidh béim phraiticiúil ar an teanga labhartha. Cuirfear ábhar foghlama agus ábhar fuaime ar fáil do na rannpháirtithe roimh gach rang. Beidh neart deiseanna agat an méid a fhoghlaimeoidh tú a chleachtadh i dtimpeallacht spreagúil phléisiúrtha.
Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd nach ndearna aon staidéar ar an Ghaeilge roimhe seo nó atá i ndiaidh a bheith ag foghlaim leo féin gan mórán deiseanna chun comhrá a dhéanamh le cainteoirí líofa. Ó am go chéile baineann daoine a bhfuil méid áirithe staidéir déanta acu, ach atá as cleachtadh, tairbhe as an tuiscint atá acu ar ghnéithe bunúsacha den teanga a neartú fosta.
Amchlár
Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann) oíche Déardaoin. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú ar an 2 Deireadh Fómhair 2025. Beidh briseadh lár téarma ann le linn na seachtaine dar tús 27 Deireadh Fómhair.