Maidir lenár gcuid cúrsaí ar líne

Cén uair a thosaíonn na cúrsaí agus cén fhad a bheidh siad ar siúl?

Cuirfear tús leis an chéad sraith eile cúrsaí de chuid Oideas Gael ar Líne ar an Luan, 12 Feabhra 2024. Beidh na ranganna ar siúl thar dhá thréimhse 4 seachtaine: ón 12 Feabhra–8 Márta agus ón 8 Aibreán–3 Bealtaine. Beidh ocht seisiún, uair go leith ar fad, de theagasc beo ar líne i gceist le gach cúrsa. Baineann na hamantaí ranga agus aon amantaí eile a luaitear ar an tsuíomh seo leis an am áitiúil in Éirinn—tabhair aird air seo, le do thoil, má bhíonn tú ag féachaint ar an fhéilire cúrsaí agus tú i do chónaí thar lear.

Tá an chuid is mó de na ranganna á reáchtáil san oíche i láthair na huaire. Fágann sé seo gur féidir le daoine a bhfuil cónaí orthu in amchrios eile, chomh maith le duine ar bith in Éirinn a bhíonn gafa le linn gnáthuaireanta oibre de ghnáth, freastal ar na cúrsaí.

Cén fhad a mhaireann gach cúrsa agus cad é a bhíonn ar siúl ann?

Freastalóidh na rannpháirtithe ar rang sa tseachtain thar dhá thréimhse 4 seachtaine: ón 12 Feabhra–8 Márta agus ón 8 Aibreán–3 Bealtaine. Mar sin, beidh sos 4 seachtaine i lár an chúrsa. Seachnóidh sé seo tréimhse saoire na scoileanna, cúrsaí Gaeltachta na Féile Pádraig agus na Cásca in Oideas Gael, agus neamhréir maidir le hAm Coigilte Sholas an Lae i dtíortha difriúla ar fud an domhain. Chomh maith leis na ranganna, beidh ar a laghad imeacht sóisialta ar líne amháin ar siúl gach seachtain le go mbeidh seans ag rannpháirtithe an chúrsa bualadh lena chéile taobh amuigh den tseomra ranga.

Agus tá mé ábalta mo chúrsa féin a roghnú?

Beidh siad siúd a bhíonn ag freastal ar chúrsaí Oideas Gael i dTír Chonaill go rialta cleachtaithe le nós ina gcuirtear foghlaimeoirí sa rang chuí le comhairle ó dhuine d’fhoireann Oideas Gael. Agus ranganna ar líne i gceist, áfach, iarrann muid ort do chúrsa féin a roghnú bunaithe ar an chur síos atá ar fáil. Ar ndóigh, beidh fearadh na fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn sa chás go bhfuil tú idir dhá chomhairle!

An fiú an cúrsa céanna a dhéanamh níos mó ná uair amháin?

Is minic gur fiú. Cé go gclúdaítear gnéithe tábhachtacha áirithe den teanga níos mó ná uair amháin i ngach cúrsa, baintear úsáid as ábhar foghlama éagsúil ó shéasúr go séasúr. Fágann sé seo gur féidir do chuid eolais agus féinmhuiníne a neartú ag leibhéal áirithe sula dtugann tú aghaidh ar an chéad dúshlán eile.

De ghnáth, moltar do dhaoine leanacht ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile i ndiaidh dóibh trí shraith cúrsaí a chríochnú ag leibhéal áirithe. Braitheann sé seo ar an duine féin ach d’fhéadfadh go bhfeicfeá cuid den ábhar foghlama chéanna i ndiaidh duit cúrsa a chríochnú don tríú huair. Níl mar eisceachtaí ar an scéal seo ach Cúrsa Gaeilge 1 agus Cúrsa Gaeilge 1+—is é an t-eolas is bunúsaí a bhíonn mar ábhar sna cúrsaí seo i gcónaí. Déantar an t-ábhar sa leibhéal is airde, Cúrsa Gaeilge 5, a nuashonrú gach uair a bhíonn an cúrsa ar siúl.

Cén dóigh a gcuirtear na ranganna ar siúl?

Baineann muid úsáid as córas Zoom leis na ranganna a óstáil. Is cuma muna bhfuil taithí agat ar Zoom a úsáid. Tá sé furasta agus beidh muid ar fáil le cuidiú leat. Seolfar tuilleadh eolais chugat roimh thús an chúrsa.

Cé mhéad duine a bheidh i ngach rang?

Beidh tuairim is 12 duine i ngach grúpa rang, de ghnáth. Cuireann ár gcóras áirithintí teorainn le líon na rannpháirtithe. Is fearr linn má bhíonn na ranganna do thosaitheoirí giota beag níos lú, le go mbeidh breis ama ag an mhúinteoir le gach foghlaimeoir, agus má bhíonn duine nó beirt sa bhreis sna leibhéil níos airde, áit a mbaineann na rannpháirtithe buntáiste as go leor deiseanna comhrá a bheith acu.

An mbeidh béim ar chanúint áirithe?

Is í an chomhairle a chuireann muid ar fhoghlaimeoirí i gcónaí ná gan an iomarca imní a dhéanamh de cheisteanna canúna, go háirithe go luath sa phróiseas foghlama. Cé go mbaineann cuid de na hábhair foghlama atá in úsáid againn le canúint Uladh, ar nós ábhar Enjoy Irish! a úsáidtear sna cúrsaí tosaigh, tá múinteoirí fostaithe againn as gach cearn den tír agus canúintí éagsúla acu uilig. Mar fhoghlaimeoir, bainfidh tú buntáiste as teagmháil a bheith agat le canúint nach bhfuil cleachtadh mór agat léi. Lena chois sin, más spéis leat canúint faoi leith beidh do mhúinteoir ábalta é sin a chur san áireamh agus tacaíocht a chur ar fáil duit.

An gcuirtear ábhar foghlama do na ranganna ar fáil? An bhfuil aon leabhar atá de dhíth orm?

Níl sé riachtanach aon leabhar faoi leith a bheith agat roimh thús na gcúrsaí teanga. Cuirfear ábhar foghlama ar fáil duit i bhformáid PDF; is féidir go gcuirfear comhaid fuaime agus físe ar fáil freisin. Mar sin féin, is iomaí duine a bhaineann an-tairbhe as foclóir nó as ceann de na hacmhainní teanga atá ar fáil ar siopagaeilge.ie a bheith aige.

Chuir mé cúrsa in áirithe ach níor baineadh an táille ó mo chárta creidmheasa go fóill?

Má fuair tú ríomhphost ag deimhniú go bhfuil do chúrsa in áirithe tá d'áit ar an chúrsa slán. Breithníonn muid gach iarratas sula mbaineann muid an táille ó do chárta. De ghnáth, gearrfar an táille ort faoi dheireadh an chéad lá oibre eile.

Cad é a tharlaíonn sa chás go mbíonn orm áirithint a chur ar ceal?

Is féidir áirithint a chur ar ceal agus aisíocaíocht ar tháille do chúrsa a fháil ach an áirithint a bheith curtha ar ceal i scríbhinn (m.sh. trí ríomhphost a sheoladh chugainn) cúig lá roimh dháta tosaithe an chúrsa ar a laghad.

Cad é a tharlóidh má líontar na ranganna? An mbeidh tuilleadh cúrsaí ar fáil amach anseo?

Má bhíonn dóthain éilimh ar chúrsaí áirithe b'fhéidir go gcuirfí áiteanna breise ar fáil. Beidh cúrsaí ar líne ar siúl arís i bhfómhar na bliana 2024. Ní chuirtear cúrsaí ar líne ar fáil i rith an tsamhraidh, de ghnáth, nuair a bhíonn muid díríthe ar ár gcuid cúrsaí ar an láthair i nGleann Cholm Cille, i nGleann Fhinne agus ar Thoraigh. Ar an ábhar sin, breathnaigh ar phríomhshuíomh Oideas Gael chun liosta iomlán ár gcuid cúrsaí Gaeltachta a léamh.

Tá tuilleadh ceisteanna agam! Cá bhfaighidh mé an t-eolas?

Fadhb ar bith! Thig teagmháil a dhéanamh linn am ar bith: tá ár gcuid sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh.

Oideas Gael

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@oideasgael.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.