Cúrsa Gaeilge 4 (Bí ag Caint!)
Oiriúnach dóibh siúd a bhfuil roinnt mhaith Gaeilge acu: cuir le do stór focal agus téigh i dtaithí ar ábhair nua a phlé.
Féilire
Teideal | Praghas | ||
Dé Céadaoin, 27 Eanáir 2021 –
Dé Céadaoin, 24 Márta 2021
| |||
Cúrsa Gaeilge 4 (Dé Céadaoin) — 7.00–8.30pm | €160 | Lán! |
Cuirfidh tú le do chuid scileanna teanga sa chúrsa seo trí bheith ag labhairt faoi thopaicí nua nó trí phlé níos doimhne a dhéanamh ar ábhair a bhfuil taithí agat orthu cheana. Beidh na ranganna ag an leibhéal seo ar siúl trí mheán na Gaeilge amháin ach níl sé riachtanach go mbeadh mioneolas gramadaí nó ardscileanna scríofa ag duine le páirt a ghlacadh! Beidh an bhéim ar scileanna comhrá agus cuirfidh múinteoir oilte treoir agus tacaíocht ar fáil le cinntiú go gcuirfidh tú téarmaí agus nathanna úra le do stór focal agus ag tabhairt seans duit soiléiriú a fháil ar cheisteanna ar bith a bheidh agat féin. Bainfidh na rannpháirtithe tairbhe as curaclam saincheaptha, agus ábhar foghlama a chuirfear ar fáil dóibh, a bheidh do mhúinteoir in ann a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa.
Amchlár
Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann) oíche Chéadaoin. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú an tseachtain dar tús an 25 Eanáir 2021. Beidh briseadh lár téarma ann ón 22–26 Feabhra.