Cúrsa Gaeilge 2 (Cúpla Focal)

Dóibh siúd a bhfuil taithí áirithe acu ag foghlaim na teanga ach ar mhaith leo cur lena dtuiscint ar na bunchéimeanna.

Féilire

Teideal Praghas
Dé Luain, 17 Bealtaine 2021 – Dé Luain, 5 Iúil 2021
Cúrsa Gaeilge 2 (Dé Luain) — 7.00–8.30pm €160 Lán!
Dé Máirt, 18 Bealtaine 2021 – Dé Máirt, 6 Iúil 2021
Cúrsa Gaeilge 2 (Dé Máirt) — 7.00–8.30pm €160 Lán!

Cuirfidh tú leis an Ghaeilge atá agat cheana féin agus beidh níos mó ná an cúpla focal agat faoi dheireadh an chúrsa seo. Beidh tú ag labhairt faoi do chuid caitheamh aimsire, do shaol laethúil, bia agus deoch, nó ábhair eile mar iad. Cuirfidh tú eolas níos fearr ar bhriathra na Gaeilge agus beidh tú in ann níos mó abairtí a chumadh tú féin. Bainfidh na rannpháirtithe buntáiste as curaclam saincheaptha, agus ábhar foghlama a chuirfear ar fáil dóibh, a bheidh do mhúinteoir in ann a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa. Beidh neart deiseanna agat an méid a fhoghlaimeoidh tú a chleachtadh i dtimpeallacht a bheidh struchtúrtha agus taitneamhach.

Amchlár

Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann) oíche Luainoíche Mháirt. Ní mór an oíche ar a bhfreastalóidh tú ar an chúrsa a roghnú (ach í a bheith ar fáil) agus tú ag clárú. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú an tseachtain dar tús an 17 Bealtaine 2021. Ní bheidh aon bhriseadh lár téarma ann an uair seo.

An bhfuil ceisteanna agat faoinár gcuid cúrsaí ar líne? Fiosrach faoi chanúintí nó líon na ndaoine a bheidh sa rang? An fiú an cúrsa céanna a dhéanamh níos mó ná uair amháin? Tá freagraí le fáil ag an nasc thíos!

Breis eolais »
Oideas Gael

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@oideasgael.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.