Cúrsa Gaeilge 1 (Tosaitheoirí)
Bunchúrsa do thosaitheoirí nó dóibh siúd nach bhfuil ach beagán taithí acu ar an Ghaeilge a labhairt.
Féilire
Teideal | Praghas | ||
Dé Luain, 25 Eanáir 2021 –
Dé Luain, 22 Márta 2021
| |||
Cúrsa Gaeilge 1 (Dé Luain) — 7.00–8.30pm | €160 | Lán! |
Cuir eolas ar cheann de na teangacha is suimiúla agus is saibhre san Eoraip. Beidh na ranganna seo, atá bunaithe ar ár gcúrsa ilmheán Enjoy Irish!, mar threoir agat agus tú ag dul i ngleic le céadchéimeanna na teanga. Bainfidh tú buntáiste as ceachtanna struchtúrtha ina mbeidh béim phraiticiúil ar an teanga labhartha. Cuirfear ábhar foghlama agus ábhar fuaime ó chúrsa Enjoy Irish! ar fáil do na rannpháirtithe roimh gach rang. Beidh neart deiseanna agat an méid a fhoghlaimeoidh tú a chleachtadh i dtimpeallacht spreagúil phléisiúrtha.
Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd nach ndearna aon staidéar ar an Ghaeilge roimhe seo nó atá i ndiaidh a bheith ag foghlaim leo féin gan mórán deiseanna chun comhrá a dhéanamh le cainteoirí líofa. Ó am go chéile baineann daoine a bhfuil méid áirithe staidéir déanta acu, ach atá as cleachtadh, tairbhe as an tuiscint atá acu ar ghnéithe bunúsacha den teanga a neartú fosta.
Amchlár
Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann) oíche Luain. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú an tseachtain dar tús an 25 Eanáir 2021. Beidh briseadh lár téarma ann ón 22–26 Feabhra.