
Bí linn, ar líne
Bain sult as ár gcuid cúrsaí teanga agus cultúir do dhaoine fásta a chuirfear ar fáil beo ar líne an t-earrach seo.
Féach cúrsaíCúrsaí
Bíonn teagasc ar ardchaighdeán, béim ar an teanga labhartha, agus neart deiseanna chun caint agus comhrá a dhéanamh i gceist lenár gcuid cúrsaí.
Amhránaíocht 1
Cuir eolas ar chuid d’amhráin thraidisiúnta Thír Chonaill sa chúrsa spreagúil taitneamhach seo.
Amhránaíocht 2
Cuir le do stór amhrán, go háirithe cinn a bhaineann le traidisiún Thír Chonaill, sa chúrsa spreagúil taitneamhach seo.
Cúrsa Gaeilge 1 (Tosaitheoirí)
Bunchúrsa do thosaitheoirí nó dóibh siúd nach bhfuil ach beagán taithí acu ar an Ghaeilge a labhairt.
Cúrsa Gaeilge 2 (Cúpla Focal)
Dóibh siúd a bhfuil taithí áirithe acu ag foghlaim na teanga ach ar mhaith leo cur lena dtuiscint ar na bunchéimeanna.
Cúrsa Gaeilge 3 (Meánleibhéal)
Díríonn an cúrsa seo ar líofacht cainte sa saol laethúil.
Cúrsa Gaeilge 4 (Bí ag Caint!)
Oiriúnach dóibh siúd a bhfuil roinnt mhaith Gaeilge acu: cuir le do stór focal agus téigh i dtaithí ar ábhair nua a phlé.
Cúrsa Gaeilge 5 (Ardleibhéal)
Cuir snas ar do chuid scileanna teanga sa chúrsa seo do chainteoirí cumasacha a bhfuil deis cleachtaidh de dhíth orthu.
Cúrsa Ullmhúcháin OCG
Dianchúrsa Gaeltachta ar líne do bhunmhúinteoirí atá ag gabháil don Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.
Cúrsa Ullmhúcháin SCG
Dianchúrsa Gaeltachta ar líne do bhunmhúinteoirí atá ag gabháil don Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.
Dianchúrsa Gaeltachta do Bhunmhúinteoirí
Dianchúrsa Gaeltachta ar líne do bhunmhúinteoirí a bhain cáilíocht amach agus iad thar lear.

Cén cineál cúrsa atá ann?
Is í an aidhm atá ag Oideas Gael ar Líne taithí na Gaeltachta, agus an tumoideachas i dteanga agus cultúr na hÉireann a ghabhann léi, a chur ar fáil oiread is féidir ó chian. Bíonn teagasc beo ar líne agus obair i ngrúpaí beaga i gceist le gach rang. Gheobhaidh na rannpháirtithe ábhar foghlama a réitíodh go speisialta don chúrsa.
Breis eolais »Maidir le hOideas Gael

Ó bunaíodh Oideas Gael i 1984 tá na céadta duine ag tarraingt gach bliain ar a chuid cúrsaí Gaeilge agus a chláracha cultúrtha a bhfuil ardmheas orthu araon. Is Éireannaigh iad tuairim is leath díobh sin a bhíonn ag freastal agus tagann an chuid eile as páirteanna eile den domhan go hÉirinn d'aon turas le bheith i láthair ann.
Féach ár suíomh »