Cúrsa Gaeilge 3 (Meánleibhéal)
Díríonn an cúrsa seo ar líofacht cainte sa saol laethúil.
Féilire
Teideal | Praghas | ||
Dé Céadaoin, 11 Deireadh Fómhair 2023 –
Dé Céadaoin, 6 Nollaig 2023
| |||
Cúrsa Gaeilge 3 (Dé Céadaoin) — 7.00–8.30pm | €160 | Lán! |
Is iomaí foghlaimeoir Gaeilge, i ndiaidh tamaill áirithe, a bhíonn ábalta tuiscint cheart a bhaint as caint sa saol laethúil ach ar deacair dóibh iad féin a chur in iúl i gceart nó ceisteanna áirithe a fhreagairt gan dua! Is í taithí fhoireann Oideas Gael go mbaineann foghlaimeoirí atá ag an staid seo tairbhe mhór as cleachtadh comhrá i ngrúpaí beaga agus an cleachtadh sin dírithe ar thopaicí faoi leith le treoir ó mhúinteoir oilte.
Sa chúrsa seo déanfaidh tú plé ar réimse ilghnéitheach ábhar a bhaineann le gnáthchúrsaí an tsaoil. Cuirfear béim ar do stór focal a leathnú agus ar do chumas chun cumarsáid a dhéanamh a neartú. Bainfidh na rannpháirtithe buntáiste as curaclam saincheaptha, agus ábhar foghlama a chuirfear ar fáil dóibh, a bheidh do mhúinteoir in ann a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa. Beidh neart craic agus deiseanna labhartha ann fosta!
Amchlár
Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann) oíche Mháirt nó oíche Chéadaoin. Ní mór an oíche ar a bhfreastalóidh tú ar an chúrsa a roghnú (ach í a bheith ar fáil) agus tú ag clárú. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú an tseachtain dar tús an 9 Deireadh Fómhair 2023. Beidh briseadh lár téarma ann an tseachtain 29 Deireadh Fómhair–4 Samhain.