Amhránaíocht ar an tSean-nós
Deis ar leith é seo blaiseadh d’oidhreacht cheol dúchais Thír Chonaill faoi stiúir amhránaí den chéad scoth.
Féilire
Tosóidh an chéad sraith eile de chúrsaí ar líne Oideas Gael i mí Feabhra 2024. Fógrófar na dátaí anseo go luath i mí Eanáir.
Teideal | Praghas | ||
Déardaoin, 12 Deireadh Fómhair 2023 –
Déardaoin, 7 Nollaig 2023
| |||
Amhránaíocht ar an tSean-nós (Déardaoin) — 7.00–8.30pm | €160 | Lán! |
Moltar an cúrsa dátheangach seo do dhaoine a bhfuil taithí éigin acu ar an amhránaíocht cheana (mar chaitheamh aimsire nó eile). Amhránaí ar an tsean-nós den scoth a bheidh i mbun an teagaisc. Cuirfidh na rannpháirtithe snas ar a gcuid scileanna amhránaíochta agus gheobhaidh siad míniú ar chúlra na n-amhrán agus n-amhránaithe. Beidh seans ag gach duine a bheith ag ceol i dtimpeallacht spreagúil phléisiúrtha. Beidh roinnt deiseanna ann fosta teacht le chéile ar líne go sóisialta taobh amuigh de na ranganna.
Amchlár
Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang uair sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann), oíche Déardaoin. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú an tseachtain dar tús an 9 Deireadh Fómhair 2023. Beidh briseadh lár téarma ann an tseachtain 29 Deireadh Fómhair–4 Samhain.
Múinteoir
Tá iomrá ar Ghearóidín Breathnach, as Rann na Feirste i dTír Chonaill, mar amhránaí agus mar sheanchaí. Tá éacht mór déanta aici i gcomórtais an Oireachtais agus bhuaigh sí an comórtas is tábhachtaí sa tsean-nós, Corn Uí Riada, faoi dhó sna blianta 1996 agus 2004. D'eisigh Cló Iar-Chonnacht dhá dhlúthdhiosca dá cuid ceoil, mar atá, Ar Fhoscadh na gCnoc (1997) agus Grá mo Chroí an Óige (2013). Is í Gearóidín atá i bhfeighil ar na ceardlanna amhránaíochta le linn Scoil Samhraidh Teanga agus Cultúir Oideas Gael le roinnt blianta anuas.