Cúrsa Gaeilge 1+ (Tosaitheoirí)
An chéim chéad eile dóibh siúd nach bhfuil ach beagán taithí acu ar an Ghaeilge a labhairt.
Féilire
Teideal | Praghas | ||
Dé Máirt, 10 Deireadh Fómhair 2023 –
Dé Máirt, 5 Nollaig 2023
| |||
Cúrsa Gaeilge 1+ (Dé Máirt) — 7.00–8.30pm | €160 | Lán! |
Cíorann cúrsa 1+ ábhar ón dara leath de Enjoy Irish!. Tá sé fóirsteanach dóibh siúd a chríochnaigh Cúrsa Gaeilge 1 nó a bhfuil tuiscint acu ar na codanna is bunúsaí den teanga.
Cuir eolas ar cheann de na teangacha is suimiúla agus is saibhre san Eoraip. Beidh na ranganna seo, atá bunaithe ar ár gcúrsa ilmheán Enjoy Irish!, mar threoir agat agus tú ag dul i ngleic le céadchéimeanna na teanga. Bainfidh tú buntáiste as ceachtanna struchtúrtha ina mbeidh béim phraiticiúil ar an teanga labhartha. Cuirfear ábhar foghlama agus ábhar fuaime ó chúrsa Enjoy Irish! ar fáil do na rannpháirtithe roimh gach rang. Beidh neart deiseanna agat an méid a fhoghlaimeoidh tú a chleachtadh i dtimpeallacht spreagúil phléisiúrtha.
Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd nach ndearna aon staidéar ar an Ghaeilge roimhe seo nó atá i ndiaidh a bheith ag foghlaim leo féin gan mórán deiseanna chun comhrá a dhéanamh le cainteoirí líofa. Ó am go chéile baineann daoine a bhfuil méid áirithe staidéir déanta acu, ach atá as cleachtadh, tairbhe as an tuiscint atá acu ar ghnéithe bunúsacha den teanga a neartú fosta.
Amchlár
Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann) oíche Mháirt. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú an tseachtain dar tús an 9 Deireadh Fómhair 2023. Beidh briseadh lár téarma ann an tseachtain 29 Deireadh Fómhair–4 Samhain.