Cúrsa Gaeilge 5 (Ardleibhéal)

Cuir snas ar do chuid scileanna teanga sa chúrsa seo do chainteoirí cumasacha a bhfuil deis cleachtaidh de dhíth orthu.

Féilire

Teideal Praghas
Dé Máirt, 13 Feabhra 2024 – Dé Máirt, 30 Aibreán 2024
Cúrsa Gaeilge 5 (Dé Máirt) — 7.00–8.30pm €160 Lán!

Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd a bhfuil Gaeilge mhaith acu, nó a bhfuil go leor staidéir déanta acu ar an Ghaeilge, ach a bhfuil deiseanna cleachtaidh agus comhrá de dhíth orthu. Cuirfidh tú snas ar do chuid scileanna teanga trí thopaicí níos casta a phlé. Úsáidfear meascán téacsanna éisteachta, físe agus scríofa leis an chomhrá a spreagadh agus beidh idir chúrsaí reatha, chúrsaí litríochta agus chúrsaí an tsaoil faoi chaibidil. Beidh plé áirithe ar an ghramadach ach ní cúrsa i gcruinnscríobh na Gaeilge a bheidh ann: díreofar ar na scileanna teanga uilig ach cuirfear béim ar dheiseanna comhrá a thabhairt do na rannpháirtithe. Bainfidh na rannpháirtithe tairbhe as curaclam saincheaptha, agus ábhar foghlama a chuirfear ar fáil dóibh, a bheidh do mhúinteoir in ann a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa.

Amchlár

Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann) oíche Mháirt. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú ar an 13 Feabhra 2024. An tsraith seo, beidh sos ceithre seachtaine i lár an chúrsa ón tseachtain dar dtús 11 Márta (tuilleadh eolais).

An bhfuil ceisteanna agat faoinár gcuid cúrsaí ar líne? Fiosrach faoi chanúintí nó líon na ndaoine a bheidh sa rang? An fiú an cúrsa céanna a dhéanamh níos mó ná uair amháin? Tá freagraí le fáil ag an nasc thíos!

Breis eolais »
Oideas Gael

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@oideasgael.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.