Amhránaíocht ar an tSean-nós
Deis ar leith é seo blaiseadh d’oidhreacht cheol dúchais Thír Chonaill faoi stiúir amhránaí den chéad scoth.
Féilire
Teideal | Praghas | ||
Déardaoin, 13 Feabhra 2025 –
Déardaoin, 10 Aibreán 2025
| |||
Amhránaíocht ar an tSean-nós (Déardaoin) — 7.00–8.30pm | €160 | Lán! |
Moltar an cúrsa dátheangach seo do dhaoine a bhfuil taithí éigin acu ar an amhránaíocht cheana (mar chaitheamh aimsire nó eile). Amhránaí ar an tsean-nós den scoth a bheidh i mbun an teagaisc. Cuirfidh na rannpháirtithe snas ar a gcuid scileanna amhránaíochta agus gheobhaidh siad míniú ar chúlra na n-amhrán agus n-amhránaithe. Beidh seans ag gach duine a bheith ag ceol i dtimpeallacht spreagúil phléisiúrtha. Beidh roinnt deiseanna ann fosta teacht le chéile ar líne go sóisialta taobh amuigh de na ranganna.
Amchlár
Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann) oíche Déardaoin. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú ar an 13 Feabhra 2025. Beidh briseadh lár téarma ann le linn na seachtaine dar tús 17 Márta.
Múinteoir
Tá iomrá ar Ghearóidín Breathnach, as Rann na Feirste i dTír Chonaill, mar amhránaí agus mar sheanchaí. Tá éacht mór déanta aici i gcomórtais an Oireachtais agus bhuaigh sí an comórtas is tábhachtaí sa tsean-nós, Corn Uí Riada, faoi thrí sna blianta 1996, 2004 agus 2024. D'eisigh Cló Iar-Chonnacht dhá dhlúthdhiosca dá cuid ceoil, mar atá, Ar Fhoscadh na gCnoc (1997) agus Grá mo Chroí an Óige (2013). Is í Gearóidín atá i bhfeighil ar na ceardlanna amhránaíochta le linn Scoil Samhraidh Teanga agus Cultúir Oideas Gael le roinnt blianta anuas.