Dianchúrsa Gaeltachta do Bhunmhúinteoirí

Dianchúrsa Gaeltachta ar líne do bhunmhúinteoirí a bhain cáilíocht amach agus iad thar lear.

Féilire

Teideal Praghas
Dé Luain, 5 Iúil 2021 – Dé hAoine, 9 Iúil 2021
Dianchúrsa Gaeltachta do Bhunmhúinteoirí €150 Lán!

Is scéimeanna iad an Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (SCG) agus Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (OCG) do mhúinteoirí bunscoile in Éirinn a bhain cáilíocht amach agus iad thar lear. Cuireann siad ar chumas na múinteoirí seo an Ghaeilge a fhoghlaim agus iad fós ag obair. Is é ceann de na riachtanais a bhaineann leis an dá scéim ná go gcaitheann na hiarrthóirí freastal ar chúrsaí Gaeilge de chuid ionad aitheanta sa Ghaeltacht. Is ionad aitheanta é Oideas Gael chuige seo.

Tabhair do d'aire gur cúrsa Gaeilge ginearálta é seo agus nach cúrsa ullmhúcháin le haghaidh scrúduithe atá ann. Bíonn ár gcuid cúrsaí ullmhúcháin ar siúl i mí Dheireadh Fómhair, mí Feabhra agus mí Aibreáin. Tá an cúrsa seo dírithe ar iarrthóirí SCG/OCG a bhfuil a gcuid scrúduithe nó measúnuithe críochnaithe acu nó iad siúd ar mhaith leo gnéithe éagsúla dá gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú.

Cúinsí speisialta 2020–2021

De dheasca na srianta a bhaineann le paindéim COVID-19, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta i ndiaidh cead a thabhairt ar bhonn eisceachtúil cúrsaí ar líne a chur ar fáil mar mhalairt ar an chúrsa Gaeltachta. Dá bhrí sin, aithneofar an cúrsa seo de chuid Oideas Gael mar sheachtain amháin den tréimhse foghlama sa Ghaeltacht atá riachtanach dóibh siúd atá ag iarraidh cáilíocht sa Ghaeilge a bhaint amach. Tá cúrsaí Gaeilge ar an láthair atá oiriúnach d'iarrthóirí SCG/OCG á dtairiscint ag Oideas Gael an samhradh seo fosta: féach anseo.

Tabhair faoi deara go mbeidh sé riachtanach don fhoghlaimeoir páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach lá den chúrsa, agus aon tascanna a iarrfar orthu a chríochnú, chun go mbronnfar teastas cúrsa orthu.

Ábhar an chúrsa

Díreoidh an cúrsa seo ar do chuid scileanna labhartha a chleachtadh agus a fheabhsú chun go mbeidh tú níos muiníní ar scoil agus sa seomra ranga. Leanfar siollabas ar leith a bheidh oiriúnaithe don fhoghlaim ar líne. Cuirfear béim fosta ar roinnt gnéithe tábhachtacha a bhíonn i gceist sna cúrsaí Gaeltachta de ghnáth: teagmháil le pobal Ghleann Cholm Cille, an cultúr, an ceol, agus mar sin de.

Clár ama

Beidh c. 33 uair an chloig san iomlán i gceist leis an chúrsa. Beidh idir ranganna beo ar líne, imeachtaí cultúrtha agus staidéar neamhspleách ar siúl ag na rannpháirtithe. Beidh na ranganna beo ar líne ar siúl idir 9.30am–4pm ón Luan 5 Iúil go dtí an Aoine 9 Iúil 2021. Beidh imeachtaí cultúrtha nó imeachtaí neamhfhoirmiúla ar siúl ar oícheanta áirithe le linn na tréimhse seo chomh maith.

An bhfuil ceisteanna agat faoinár gcuid cúrsaí ar líne? Fiosrach faoi chanúintí nó líon na ndaoine a bheidh sa rang? An fiú an cúrsa céanna a dhéanamh níos mó ná uair amháin? Tá freagraí le fáil ag an nasc thíos!

Breis eolais »
Oideas Gael

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@oideasgael.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.