Cúrsa Gaeilge 4 (Bí ag Caint!)

Oiriúnach dóibh siúd a bhfuil roinnt mhaith Gaeilge acu: cuir le do stór focal agus téigh i dtaithí ar ábhair nua a phlé.

Féilire

Teideal Praghas
Dé Máirt, 11 Feabhra 2025 – Dé Máirt, 8 Aibreán 2025
Cúrsa Gaeilge 4 (Dé Máirt) — 7.00–8.30pm €160 Lán!
Dé Céadaoin, 12 Feabhra 2025 – Dé Céadaoin, 9 Aibreán 2025
Cúrsa Gaeilge 4 (Dé Céadaoin) — 7.00–8.30pm €160 Lán!

Cuirfidh tú le do chuid scileanna teanga sa chúrsa seo trí bheith ag labhairt faoi thopaicí nua nó trí phlé níos doimhne a dhéanamh ar ábhair a bhfuil taithí agat orthu cheana. Beidh na ranganna ag an leibhéal seo ar siúl trí mheán na Gaeilge amháin ach níl sé riachtanach go mbeadh mioneolas gramadaí nó ardscileanna scríofa ag duine le páirt a ghlacadh! Beidh an bhéim ar scileanna comhrá agus cuirfidh múinteoir oilte treoir agus tacaíocht ar fáil le cinntiú go gcuirfidh tú téarmaí agus nathanna úra le do stór focal agus ag tabhairt seans duit soiléiriú a fháil ar cheisteanna ar bith a bheidh agat féin. Bainfidh na rannpháirtithe tairbhe as curaclam saincheaptha, agus ábhar foghlama a chuirfear ar fáil dóibh, a bheidh do mhúinteoir in ann a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa.

Amchlár

Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann) oíche Mháirtoíche Chéadaoin. Ní mór an oíche ar a bhfreastalóidh tú ar an chúrsa a roghnú (ach í a bheith ar fáil) agus tú ag clárú. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú an tseachtain dar tús 10 Feabhra 2025. Beidh briseadh lár téarma ann le linn na seachtaine dar tús 17 Márta.

An bhfuil ceisteanna agat faoinár gcuid cúrsaí ar líne? Fiosrach faoi chanúintí nó líon na ndaoine a bheidh sa rang? An fiú an cúrsa céanna a dhéanamh níos mó ná uair amháin? Tá freagraí le fáil ag an nasc thíos!

Breis eolais »
Oideas Gael

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@oideasgael.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.