Cúrsa Gaeilge 3 (Meánleibhéal)

Díríonn an cúrsa seo ar líofacht cainte sa saol laethúil.

Féilire

Teideal Praghas
Dé Máirt, 11 Feabhra 2025 – Dé Máirt, 8 Aibreán 2025
Cúrsa Gaeilge 3 (Dé Máirt) — 7.00–8.30pm €160 Lán!
Dé Céadaoin, 12 Feabhra 2025 – Dé Céadaoin, 9 Aibreán 2025
Cúrsa Gaeilge 3 (Dé Céadaoin) — 7.00–8.30pm €160 Lán!

Tá sé i gceist an cúrsa seo a reáchtáil ar bhonn hibrideach: beidh foghlaimeoirí inár seomra ranga i nGleann Cholm Cille i láthair in éineacht leis na rannpháirtithe ar líne.

Is iomaí foghlaimeoir Gaeilge, i ndiaidh tamaill áirithe, a bhíonn ábalta tuiscint cheart a bhaint as caint sa saol laethúil ach ar deacair dóibh iad féin a chur in iúl i gceart nó ceisteanna áirithe a fhreagairt gan dua! Is í taithí fhoireann Oideas Gael go mbaineann foghlaimeoirí atá ag an staid seo tairbhe mhór as cleachtadh comhrá i ngrúpaí beaga agus an cleachtadh sin dírithe ar thopaicí faoi leith le treoir ó mhúinteoir oilte.

Sa chúrsa seo déanfaidh tú plé ar réimse ilghnéitheach ábhar a bhaineann le gnáthchúrsaí an tsaoil. Cuirfear béim ar do stór focal a leathnú agus ar do chumas chun cumarsáid a dhéanamh a neartú. Bainfidh na rannpháirtithe buntáiste as curaclam saincheaptha, agus ábhar foghlama a chuirfear ar fáil dóibh, a bheidh do mhúinteoir in ann a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa. Beidh neart craic agus deiseanna labhartha ann fosta!

Amchlár

Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann) oíche Mháirtoíche Chéadaoin. Ní mór an oíche ar a bhfreastalóidh tú ar an chúrsa a roghnú (ach í a bheith ar fáil) agus tú ag clárú. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú an tseachtain dar tús 10 Feabhra 2025. Beidh briseadh lár téarma ann le linn na seachtaine dar tús 17 Márta.

An bhfuil ceisteanna agat faoinár gcuid cúrsaí ar líne? Fiosrach faoi chanúintí nó líon na ndaoine a bheidh sa rang? An fiú an cúrsa céanna a dhéanamh níos mó ná uair amháin? Tá freagraí le fáil ag an nasc thíos!

Breis eolais »
Oideas Gael

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@oideasgael.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.