Cúrsa Gaeilge 2 (Cúpla Focal)
Dóibh siúd a bhfuil taithí áirithe acu ag foghlaim na teanga ach ar mhaith leo cur lena dtuiscint ar na bunchéimeanna.
Féilire
Teideal | Praghas | ||
Dé Máirt, 30 Meán Fómhair 2025 –
Dé Máirt, 25 Samhain 2025
| |||
Cúrsa Gaeilge 2 (Dé Máirt) — 7.00–8.30pm | €160 | Lán! | |
Dé Céadaoin, 1 Deireadh Fómhair 2025 –
Dé Céadaoin, 26 Samhain 2025
| |||
Cúrsa Gaeilge 2 (Dé Céadaoin) — 7.00–8.30pm | €160 | Lán! |
Cuirfidh tú leis an Ghaeilge atá agat cheana féin agus beidh níos mó ná an cúpla focal agat faoi dheireadh an chúrsa seo. Beidh tú ag labhairt faoi do chuid caitheamh aimsire, do shaol laethúil, bia agus deoch, nó ábhair eile mar iad. Cuirfidh tú eolas níos fearr ar bhriathra na Gaeilge agus beidh tú in ann níos mó abairtí a chumadh tú féin. Bainfidh na rannpháirtithe buntáiste as curaclam saincheaptha, agus ábhar foghlama a chuirfear ar fáil dóibh, a bheidh do mhúinteoir in ann a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa. Beidh neart deiseanna agat an méid a fhoghlaimeoidh tú a chleachtadh i dtimpeallacht a bheidh struchtúrtha agus taitneamhach.
Amchlár
Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann) oíche Mháirt nó oíche Chéadaoin. Ní mór an oíche ar a bhfreastalóidh tú ar an chúrsa a roghnú (ach í a bheith ar fáil) agus tú ag clárú. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú an tseachtain dar tús 29 Meán Fómhair 2025. Beidh briseadh lár téarma ann le linn na seachtaine dar tús 27 Deireadh Fómhair.