Cúrsa Gaeilge 1 (Tosaitheoirí)

Bunchúrsa do thosaitheoirí nó dóibh siúd nach bhfuil ach beagán taithí acu ar an Ghaeilge a labhairt.

Féilire

Teideal Praghas
Dé Luain, 10 Feabhra 2025 – Dé Luain, 7 Aibreán 2025
Cúrsa Gaeilge 1 (Dé Luain) — 7.00–8.30pm €160 Lán!
Dé Céadaoin, 12 Feabhra 2025 – Dé Céadaoin, 9 Aibreán 2025
Cúrsa Gaeilge 1 (Dé Céadaoin) — 7.00–8.30pm €160 Cláraigh »

Cuir eolas ar cheann de na teangacha is suimiúla agus is saibhre san Eoraip. Beidh na ranganna seo, a ullmhaíodh go speisialta ar mhaithe leis an fhoghlaim ar líne, mar threoir agat agus tú ag dul i ngleic le céadchéimeanna na teanga. Bainfidh tú buntáiste as ceachtanna struchtúrtha ina mbeidh béim phraiticiúil ar an teanga labhartha. Cuirfear ábhar foghlama agus ábhar fuaime ar fáil do na rannpháirtithe roimh gach rang. Beidh neart deiseanna agat an méid a fhoghlaimeoidh tú a chleachtadh i dtimpeallacht spreagúil phléisiúrtha.

Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd nach ndearna aon staidéar ar an Ghaeilge roimhe seo nó atá i ndiaidh a bheith ag foghlaim leo féin gan mórán deiseanna chun comhrá a dhéanamh le cainteoirí líofa. Ó am go chéile baineann daoine a bhfuil méid áirithe staidéir déanta acu, ach atá as cleachtadh, tairbhe as an tuiscint atá acu ar ghnéithe bunúsacha den teanga a neartú fosta.

Amchlár

Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann) oíche Luainoíche Chéadaoin. Ní mór an oíche ar a bhfreastalóidh tú ar an chúrsa a roghnú (ach í a bheith ar fáil) agus tú ag clárú. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú an tseachtain dar tús 10 Feabhra 2025. Beidh briseadh lár téarma ann le linn na seachtaine dar tús 17 Márta.

An bhfuil ceisteanna agat faoinár gcuid cúrsaí ar líne? Fiosrach faoi chanúintí nó líon na ndaoine a bheidh sa rang? An fiú an cúrsa céanna a dhéanamh níos mó ná uair amháin? Tá freagraí le fáil ag an nasc thíos!

Breis eolais »
Oideas Gael

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@oideasgael.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.