Ár nOidhreacht faoi Bhláth
Cuir eolas ar oidhreacht na lus agus na luibheanna i mbéaloideas na hÉireann.
Féilire
| Teideal | Praghas | ||
Dé Luain, 29 Meán Fómhair 2025 –
Dé Luain, 24 Samhain 2025
| |||
| Ár nOidhreacht faoi Bhláth (Dé Luain) — 7.00–8.30pm | €160 | Cláraigh » | |
An é gur seamair a bhí i gceist leis an chéad seamróg agus, más fíor, cé cineál seimre a bhí ann? An féidir beoir a dhéanamh as fraoch? Cá bhfuarthas an t-ainm atá ar airgead luachra? Cé hiad na luibheanna a thugann cosaint duit ar thuras fada? Nó cé acu ar cheart iad a chur taobh le geata chun cosc a chur ar ionsaí osnádúrtha?
Tá seanchas na luibheanna agus na lus ann go tréan in Éirinn. Ó na tagairtí is luaithe i miotaseolaíocht na Gaeilge go dtí na leigheasanna a thug Biddy Early, agus sna cuntaisí atá i mBailiúchán na Scol, feictear gur baineadh leas as na plandaí ar mhaithe le leigheas a thabhairt, mar chuid den obair tí, mar chosaint i gcoinne an osnádúir, agus ar iliomad bealaí eile. Cuirfidh muid eolas ar ghnéithe éagsúla den oidhreacht chéanna—mar a léirítear í sna finscéalta, sa litríocht, sna piseoga agus sna cuntaisí eile a tháinig anuas chugainn—sa chúrsa seo.
Cuirtear fáilte roimh rannpháirtithe ar gach leibhéal Gaeilge, ón tosaitheoir go dtí an cainteoir líofa. Cé go bhfágann sé go mbeidh roinnt mhaith den phlé i mBéarla, b’fhéidir, beidh fáilte roimh Ghaeilge a labhairt i gcónaí.
Comhchúrsa é seo lenár gcúrsa gníomhaíochta cultúrtha den teideal céanna. Cuireann an dá chúrsa lena chéile gan barraíocht athrá a dhéanamh ar an ábhar chéanna.
Amchlár
Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann) oíche Luain. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú ar an 29 Meán Fómhair 2025. Beidh briseadh lár téarma ann le linn na seachtaine dar tús 27 Deireadh Fómhair.