Bí linn, ar líne

Bain sult as ár gcuid cúrsaí teanga agus cultúir do dhaoine fásta a chuirtear ar fáil beo ar líne.

Féach cúrsaí

Cúrsaí

Bíonn teagasc ar ardchaighdeán, béim ar an teanga labhartha, agus neart deiseanna chun caint agus comhrá a dhéanamh i gceist lenár gcuid cúrsaí.

  1. Amhránaíocht ar an tSean-nós

    Deis ar leith é seo blaiseadh d’oidhreacht cheol dúchais Thír Chonaill faoi stiúir amhránaí den chéad scoth.

  2. An Amhránaíocht

    Tá saibhreas teanga agus ceoil ag baint le traidisiún amhránaíochta na Gaeilge, traidisiún atá beo bríomhar i gcónaí.

  3. Ár nOidhreacht faoi Bhláth

    Cuir eolas ar oidhreacht na lus agus na luibheanna i mbéaloideas na hÉireann.

  4. Cúrsa Gaeilge 1 (Tosaitheoirí)

    Bunchúrsa do thosaitheoirí nó dóibh siúd nach bhfuil ach beagán taithí acu ar an Ghaeilge a labhairt.

  5. Cúrsa Gaeilge 1+ (Tosaitheoirí)

    An chéim chéad eile dóibh siúd nach bhfuil ach beagán taithí acu ar an Ghaeilge a labhairt.

  6. Cúrsa Gaeilge 2 (Cúpla Focal)

    Dóibh siúd a bhfuil taithí áirithe acu ag foghlaim na teanga ach ar mhaith leo cur lena dtuiscint ar na bunchéimeanna.

  7. Cúrsa Gaeilge 3 (Meánleibhéal)

    Díríonn an cúrsa seo ar líofacht cainte sa saol laethúil.

  8. Cúrsa Gaeilge 4 (Bí ag Caint!)

    Oiriúnach dóibh siúd a bhfuil roinnt mhaith Gaeilge acu: cuir le do stór focal agus téigh i dtaithí ar ábhair nua a phlé.

  9. Cúrsa Gaeilge 5 (Ardleibhéal)

    Cuir snas ar do chuid scileanna teanga sa chúrsa seo do chainteoirí cumasacha a bhfuil deis cleachtaidh de dhíth orthu.

Zoom

Cén cineál cúrsa atá ann?

Is í an aidhm atá ag Oideas Gael ar Líne taithí na Gaeltachta, agus an tumoideachas i dteanga agus cultúr na hÉireann a ghabhann léi, a chur ar fáil oiread is féidir ó chian. Bíonn teagasc beo ar líne agus obair i ngrúpaí beaga i gceist le gach rang. Gheobhaidh na rannpháirtithe ábhar foghlama a réitíodh go speisialta don chúrsa.

Breis eolais »

Maidir le hOideas Gael

Oideas Gael

Ó bunaíodh Oideas Gael i 1984 tá na céadta duine ag tarraingt gach bliain ar a chuid cúrsaí Gaeilge agus a chláracha cultúrtha a bhfuil ardmheas orthu araon. Is Éireannaigh iad tuairim is leath díobh sin a bhíonn ag freastal agus tagann an chuid eile as páirteanna eile den domhan go hÉirinn d'aon turas le bheith i láthair ann.

Féach ár suíomh »
Oideas Gael

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@oideasgael.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.