Saibhreas na Gaeilge
This unique course is directed at fluent Irish speakers who want to enrich their spoken Irish.
Féilire
Beifear ábalta clárú don chéad sraith eile cúrsaí ar líne san fhómhar.
Tá an cúrsa seo á thairiscint ag Oideas Gael i mbliana ar mhaithe leo siúd a bhíonn ag freastal ar ár gcuid cúrsaí go rialta agus a bhfuil líofacht áirithe bainte amach acu cheana féin. Beidh an cúrsa ag díriú ar nathanna cainte, ar logainmneacha, ar sheanchas Dhún na nGall agus ar oidhreacht na litríochta. Is é an Dr Seosamh Mac Muirí a bheas ag stiúradh an chúrsa seo ina mbeidh meascán suimiúil de ranganna agus aoi-chainteanna.
Beidh rannpháirtithe an chúrsa ábalta freastal ar ranganna beo ar líne 7.00–8.30pm, Luan–Aoine, sa bhreis ar sheisiún fáiltithe gairid tráthnóna Domhnaigh. Beidh roinnt deiseanna ann chun teacht le chéile ar líne go sóisialta taobh amuigh de na ranganna fosta. Cuirfear na ranganna ar fáil trí chóras Zoom: ní bheidh sainscileanna ríomhaireachta ar bith ag teastáil, diomaite de bheith ábalta glaoch a chur agus a thógáil, ach beidh ríomhaire a bhfuil idir mhicreafón agus nasc iontaofa idirlín ag gabháil leis de dhíth ort. Beidh teorainn le líon na ndaoine a ghlacfar leo ar an chúrsa chun go mbeidh na rannpháirtithe in ann sult agus sásamh ceart a bhaint as imeachtaí na seachtaine.