Saibhreas na Gaeilge

Cúrsa speisialta ar líne dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu cheana féin agus ar suim leo saibhreas na Gaeilge sa seanchas agus sa litríocht.

Féilire

Bhí cúrsaí ar líne an tsamhraidh ar siúl ó 24 Bealtaine–7 Lúnasa 2020. Tá muid fíorbhuíoch den 400+ duine a bhí rannpháirteach. Tá súil againn tuilleadh cúrsaí a chur ar fáil sa gheimhreadh—beidh eolas anseo i mí Mheán Fómhair.

Tá an cúrsa seo á thairiscint ag Oideas Gael i mbliana ar mhaithe leo siúd a bhíonn ag freastal ar ár gcuid cúrsaí go rialta agus a bhfuil líofacht áirithe bainte amach acu cheana féin. Beidh an cúrsa ag díriú ar nathanna cainte, ar logainmneacha, ar sheanchas Dhún na nGall agus ar oidhreacht na litríochta. Is é an Dr Seosamh Mac Muirí a bheas ag stiúradh an chúrsa seo ina mbeidh meascán suimiúil de ranganna agus aoi-chainteanna.

Beidh rannpháirtithe an chúrsa ábalta freastal ar ranganna beo ar líne 7.00–8.30pm, Luan–Aoine, sa bhreis ar sheisiún fáiltithe gairid tráthnóna Domhnaigh. Beidh roinnt deiseanna ann chun teacht le chéile ar líne go sóisialta taobh amuigh de na ranganna fosta. Cuirfear na ranganna ar fáil trí chóras Zoom: ní bheidh sainscileanna ríomhaireachta ar bith ag teastáil, diomaite de bheith ábalta glaoch a chur agus a thógáil, ach beidh ríomhaire a bhfuil idir mhicreafón agus nasc iontaofa idirlín ag gabháil leis de dhíth ort. Beidh teorainn le líon na ndaoine a ghlacfar leo ar an chúrsa chun go mbeidh na rannpháirtithe in ann sult agus sásamh ceart a bhaint as imeachtaí na seachtaine.

An bhfuil ceisteanna agat faoinár gcuid cúrsaí ar líne? Fiosrach faoi chanúintí nó líon na ndaoine a bheidh sa rang? Tá freagraí le fáil ag an nasc thíos!

Breis eolais »
Oideas Gael

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@oideasgael.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.