Cúrsa Ullmhúcháin SCG

Dianchúrsa Gaeltachta ar líne do bhunmhúinteoirí atá ag gabháil don Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.

Féilire

Beifear ábalta clárú don chéad sraith eile cúrsaí ar líne san fhómhar.

Is scéimeanna iad an Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (SCG) agus Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (OCG) do mhúinteoirí bunscoile in Éirinn a bhain cáilíocht amach agus iad thar lear. Cuireann siad ar chumas na múinteoirí seo an Ghaeilge a fhoghlaim agus iad fós ag obair. Is é ceann de na riachtanais a bhaineann leis an dá scéim ná go gcaitheann na hiarrthóirí freastal ar chúrsaí Gaeilge de chuid ionad aitheanta sa Ghaeltacht. Is ionad aitheanta é Oideas Gael chuige seo.

Tá an cúrsa seo dírithe ar iarrthóirí SCG: más iarrthóir OCG thú féach an leathanach seo.

Cúinsí speisialta Feabhra 2022

Cúrsa cónaithe sa Ghaeltacht é seo de ghnáth ach, de dheasca na héiginnteachta a bhaineann le paindéim COVID-19 agus an t-athraitheach Omicron i láthair na huaire, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta i ndiaidh cead a thabhairt ar bhonn eisceachtúil cúrsaí ar líne a chur ar fáil mar mhalairt ar an chúrsa Gaeltachta. Dá bhrí sin, aithneofar an cúrsa ullmhúcháin seo de chuid Oideas Gael mar sheachtain amháin den tréimhse foghlama sa Ghaeltacht atá riachtanach dóibh siúd atá ag iarraidh cáilíocht sa Ghaeilge a bhaint amach. Ní fios go fóill an mar seo a bheidh i gcás na gcúrsaí a bheidh ar siúl i mí Aibreáin 2022.

Ábhar an chúrsa

Beidh an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd atá ag ullmhú do scrúduithe, idir scrúduithe cainte, scrúduithe scríofa agus scrúduithe cluastuisceana. Déanfar scileanna teanga uile an fhoghlaimeora a chothú, cuirfear treoir ar fáil maidir le riachtanais na scrúduithe agus beidh neart deiseanna ag na rannpháirtithe cleachtadh a dhéanamh agus aiseolas a fháil ó mhúinteoirí oilte. Leanfar siollabas ar leith a bheidh oiriúnaithe don fhoghlaim ar líne. Cuirfear béim fosta ar roinnt gnéithe tábhachtacha a bhíonn i gceist sna cúrsaí Gaeltachta de ghnáth: teagmháil le pobal Ghleann Cholm Cille, an cultúr, an ceol, agus mar sin de.

Clár ama

Beidh c. 33 uair an chloig san iomlán i gceist leis an chúrsa. Beidh idir ranganna beo ar líne, imeachtaí cultúrtha agus staidéar neamhspleách ar siúl ag na rannpháirtithe. Beidh na ranganna beo ar líne ar siúl idir 9.30am–4.15pm thar cúig lá ón Chéadaoin 23 Feabhra go dtí an Domhnach 27 Feabhra 2022.

Beidh imeachtaí cultúrtha nó imeachtaí neamhfhoirmiúla ar siúl ar oícheanta áirithe le linn na tréimhse seo chomh maith, agus beidh sé riachtanach don fhoghlaimeoir freastal ar thrí cinn de na himeachtaí seo ar a laghad. Ní mór don fhoghlaimeoir páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach lá den chúrsa, Satharn agus Domhnach san áireamh, agus aon tascanna a iarrfar orthu a chríochnú chun go mbronnfar teastas cúrsa orthu.

An bhfuil ceisteanna agat faoinár gcuid cúrsaí ar líne? Fiosrach faoi chanúintí nó líon na ndaoine a bheidh sa rang? An fiú an cúrsa céanna a dhéanamh níos mó ná uair amháin? Tá freagraí le fáil ag an nasc thíos!

Breis eolais »
Oideas Gael

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@oideasgael.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.