Ióga (Déardaoin)
Cleachtadh don chorp, don anam agus don teanga! Cúrsa dátheangach Ióga do thosaitheoirí agus feabhsaitheoirí.
Féilire
Beifear ábalta clárú don chéad sraith eile cúrsaí ar líne san fhómhar.
Tá an rang seo oiriúnach do thosaitheoirí chomh maith le daoine a chleachtann Ióga anois is arís ach ar mhaith leo tuilleadh scileanna a fhoghlaim. Cuirfear an cúrsa ar fáil trí Ghaeilge an oiread agus is féidir ach déanfar freastal ar na leibhéil chumais éagsúla a bheidh sa rang. Deis iontach atá ann do chuid Gaeilge a úsáid i dtimpeallacht shuaimhneach chairdiúil. Is cinnte go bhfoghlaimeoidh tú roinnt téarmaí úra maidir le cleachtadh an Ióga!
Amchlár
Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang uair sa tseachtain, 7.00–8.00pm (am na hÉireann), oíche Déardaoin nó 3.00–4.00pm (am na hÉireann) ar an Satharn. Tá cúrsa an tSathairn á chur ar fáil ach éileamh a bheith air. Ní mór an lá ar a bhfreastalóidh tú ar an chúrsa a roghnú (ach í a bheith ar fáil) agus tú ag clárú. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú an tseachtain dar tús an 17 Bealtaine 2021. Ní bheidh aon bhriseadh lár téarma ann an uair seo.
Múinteoir
Is múinteoir Ióga é Séamus Byrne a rugadh agus a tógadh i gContae na Mí. Tá sé ag cleachtadh an Ióga ar feadh a shaoil mar dhuine fásta agus rinne sé staidéar ar an Ióga in Goa san Ind sa bhliain 2014. Múineann sé ranganna Ióga ar Zoom as Béarla agus as Gaeilge faoi láthair. Tá tuilleadh eolais ar a leathanach Facebook Ashtanga Yoga Kells.