Dianchúrsa Gaeltachta do Mhic Léinn

Dianchúrsa Gaeltachta ar líne dírithe ar mhic léinn tríú leibhéal in Éirinn agus thar lear.

Féilire

Teideal Praghas
Dé Luain, 2 Lúnasa 2021 – Dé hAoine, 6 Lúnasa 2021
Dianchúrsa Gaeltachta do Mhic Léinn — 5.00–8.00pm €160 Eolas »

Cuireann Oideas Gael fáilte roimh mhic léinn ó mhórán ollscoileanna agus institiúidí léinn in Éirinn agus ar fud an domhain gach bliain agus iad ag freastal ar a chuid cúrsaí Gaeltachta. Ar ndóigh, is iomaí duine nach mbeidh ábalta taisteal go Dún na nGall an samhradh seo de dheasca phaindéim COVID-19. Ina fhianaise sin, tá lúcháir ar Oideas Gael cúrsa speisialta ar líne a fhógairt atá dírithe go sonrach orthu siúd a bhfuil teagmháil leis an Ghaeilge agus teagasc ó chainteoirí dúchais na teanga de dhíth orthu le linn laethanta saoire an tsamhraidh.

Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha is suimiúla agus is saibhre san Eoraip. Sa chúrsa seo, déanfaidh tú plé ar réimse ilghnéitheach ábhar. Cuirfear béim ar do stór focal a leathnú agus ar do chumas chun cumarsáid a dhéanamh a neartú. Déanfar cumas teanga na rannpháirtithe a mheas ar chlárú dóibh agus déanfar foghlaimeoirí a rangú de réir leibhéil chumais inchurtha. Bainfidh na rannpháirtithe buntáiste as curaclam saincheaptha, agus ábhar foghlama a chuirfear ar fáil dóibh, a bheidh do mhúinteoir in ann a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa. Beidh béim fosta ar roinnt gnéithe tábhachtacha a bhíonn i gceist sna cúrsaí Gaeltachta de ghnáth: teagmháil le pobal Ghleann Cholm Cille, an cultúr, an ceol, agus mar sin de.

Tabhair do d'aire nach bhfuil an cúrsa seo fóirsteanach le haghaidh iarrthóirí OCG/SCG (bunmhúinteoirí a bhain cáilíocht amach thar lear). Is gá deichniúr rannpháirtithe ar a laghad a bheith cláraithe le go mbeifear ábalta an cúrsa a reáchtáil.

Clárú

Seol ríomhphost chuig oifig@oideasgael.ie más mian leat clárú don chúrsa seo. Ní féidir le cách clárú don chúrsa tríd an tsuíomh gréasáin ó tharla é a bheith dírithe ar ghrúpa foghlaimeoirí faoi leith. Le do thoil, tabhair d'ainm iomlán agus do chuid sonraí teagmhála sa ríomhphost. Ina dhiaidh sin, iarrfar ort ceistneoir gairid a líonadh maidir le do thaithí leis an Ghaeilge go dtí seo. D'fhéadfadh go dtabharfar cuireadh do rannpháirtithe nach mic léinn iad freastal ar an chúrsa ar ball, ach spásanna a bheith ar fáil, le cinntiú go mbeidh meascán éifeachtach foghlaimeoirí sa tseomra ranga.

Amchlár

Cúrsa seachtaine atá ann: beidh na ranganna beo ar líne ar siúl idir 5pm–8pm (am na hÉireann/GMT+1) ón Luan 2 Lúnasa go dtí an Aoine 6 Lúnasa. Tá na ranganna á reáchtáil sa tráthnóna sa dóigh a mbeidh daoine a bhfuil cónaí orthu in amchriosanna eile in ann freastal ar an chúrsa.

An bhfuil ceisteanna agat faoinár gcuid cúrsaí ar líne? Fiosrach faoi chanúintí nó líon na ndaoine a bheidh sa rang? An fiú an cúrsa céanna a dhéanamh níos mó ná uair amháin? Tá freagraí le fáil ag an nasc thíos!

Breis eolais »
Oideas Gael

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@oideasgael.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.