Seandálaíocht

Cuir eolas ar sheandálaíocht shaibhir Ghleann Cholm Cille agus tú ó chian tríd an chlár nuálaíoch spreagúil seo.

Féilire

Beifear ábalta clárú don chéad sraith eile cúrsaí ar líne san fhómhar.

Is i nGleann Cholm Cille agus sa cheantar máguaird in iardheisceart Thír Chonaill atá cuid de na struchtúir réamhstairiúla agus luathstairiúla is spéisiúla in Éirinn (san Eoraip, a mhaífeadh daoine áirithe). Tá an tírdhreach álainn ársa seo breac le séadchomharthaí ón tréimhse luath Neoiliteach (c.4000BC); na dolmain ollmhóra ag Málainn Mhóir agus na tuamaí cúirte mórthaibhseacha ag an Chlochán Mór agus ag Fearann Mac Giolla Bhríde ina measc. Ba chuí an logainm a thugtaí ar an cheantar seo tráth—Senglenn (‘seanghleann’)—gan aon amhras.

Tháinig athrú ar an logainm sin sa ré mheánaoiseach (thart ar AD500–1600), áfach, in ómós do dhuine de phríomhnaoimh na hÉireann: Colm Cille (i nGaeilge) nó Columba (sa Laidin). Tá sé sa seanchas gur tháinig an naomh (c.AD520–593) chun an ghleanna agus gur bhunaigh sé eaglais ann. Oidhreacht thábhachtach ón Chríostú úd atá sa tsraith crosleac atá sa cheantar go fóill (cuid acu chomh sean le AD800) mar aon le gnéithe eaglasta eile atá ar fud an ghleanna. Nós eile a tháinig le hoidhreacht atá sa Turas nó oilithreacht a dhéantar ó shuíomh go suíomh sa ghleann, go háirithe ar an 9 Meitheamh; an lá a cailleadh an naomh agus lá a fhéile.

Beidh dhá chuid sa chúrsa:

  1. Gheobhaidh rannpháirtithe an chúrsa cúig cinn d’fhíseáin réamhthaifeadta, físeáin a chruthófar go speisialta don chúrsa seo, a thabharfaidh léargas ar thírdhreach agus ar sheandálaíocht Ghleann Cholm Cille. Féach mar a fhiosraíonn seandálaithe an stair tríd an tírdhreach agus cuir eolas domhain ar roinnt de na séadchomharthaí meigiliteacha agus luath-Chríostaí sa ghleann.
  2. Beidh cúig cinn de sheisiúin bheo ar líne le linn na seachtaine 2–7 Lúnasa ina mbuailfidh rannpháirtithe an chúrsa le seandálaithe a bhfuil staidéar déanta acu ar na séadchomharthaí. Cuirfidh meascán cainteanna foirméalta, seisiún ceisteanna-agus-freagraí, agus plé neamhfhoirmeálta ar chumas gach duine dul i ngleic leis an ábhar ar bhealach a bheidh taitneamhach, réchúiseach agus idirghníomhach.

Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine fásta ar spéis leo seandálaíocht agus stair ársa na hÉireann; níl aon réamheolas faoi leith de dhíth ar dhuine atá ag iarraidh a bheith rannpháirteach sa chúrsa. Le cois na séadchomharthaí áitiúla, gheobhfar léargas ar sheandálaíocht na hÉireann i gcoitinne sa chúrsa seo.

Beidh na ranganna beo ar líne ar siúl ar 7pm, Luan–Aoine, anuas ar sheisiún fáiltithe gairid tráthnóna Domhnaigh. Beidh roinnt deiseanna ann chun teacht le chéile ar líne go sóisialta taobh amuigh de na ranganna fosta. Cuirfear na ranganna ar fáil trí chóras Zoom: ní bheidh sainscileanna ríomhaireachta ar bith ag teastáil, diomaite de bheith ábalta glaoch a chur agus a thógáil, ach beidh ríomhaire a bhfuil idir mhicreafón agus nasc iontaofa idirlín ag gabháil leis de dhíth ort.

Tabhair do d'aire: Déantar an Scoil a reáchtáil ar bhonn dátheangach ach beidh gnéithe áirithe den chlár, na léachtaí go háirithe, ar siúl trí mheán an Bhéarla. Beidh deis ag na rannpháirtithe freastal ar na himeachtaí a bhaineann le ranganna Gaeilge Oideas Gael ar Líne i rith na seachtaine más mian leo.

Stiúrthóir na Scoile

Is é an Dr Brian Lacey, atá i ndiaidh a bheith ag déanamh taighde ar sheandálaíocht agus ar luathstair Dhún na nGall agus Dhoire le breis agus 40 bliain anuas, stiúrthóir Scoil Samhraidh an Ath. James McDyer 2020. Iar-léachtóir ollscoile agus stiúrthóir músaeim i nDoire, ba é a bhí i mbun Suirbhé Seandálaíochta Dhún na nGall (1979–83). Is é seanchas Cholm Cille a phríomhréimse spéise. Tá 14 leabhar agus iliomad páipéar taighde foilsithe aige.

Cúlra na Scoile

Chuir an tAth. James McDyer scoil samhraidh seandálaíochta Ghleann Cholm Cille ar bun sa bhliain 1973 agus an tOll. Michael Herity, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath mar stiúrthóir uirthi. Seo mar a rinne an tAth. McDyer cur síos ar shaibhreas na seandálaíochta i dTír Chonaill: ‘Rarely has the uncouth hand been raised to deface the monuments here. Never has the march of progress been allowed to brush them irreverently aside’. D'fheidhmigh an tOll. Herity mar stiúrthóir as sin go 2015. Cailleadh é, faraor, ar an 22 Eanáir 2016. Suaimhneas síoraí ar a anam.

An bhfuil ceisteanna agat faoinár gcuid cúrsaí ar líne? Fiosrach faoi chanúintí nó líon na ndaoine a bheidh sa rang? An fiú an cúrsa céanna a dhéanamh níos mó ná uair amháin? Tá freagraí le fáil ag an nasc thíos!

Breis eolais »
Oideas Gael

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@oideasgael.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.