Amhránaíocht

Cuir eolas ar chuid d’amhráin thraidisiúnta Thír Chonaill sa chúrsa spreagúil thaitneamhach seo.

Féilire

Beifear ábalta clárú don chéad sraith eile cúrsaí ar líne san fhómhar.

Cuirfidh tú le do stór amhrán sa chúrsa ar líne seo a dhíríonn ar shaibhreas amhránaíochta Thír Chonaill. Tá an cúrsa seo fóirsteanach do dhaoine fásta a bhfuil suim acu in amhráin thraidisiúnta na hÉireann, is cuma más tosaitheoir thú nó duine a bhíonn ag ceol go rialta. Is í an t-amhránaí Ellie Nic Fhionnghaile a bheidh mar mhúinteoir.

Gheobhaidh tú míniú ar chúlra na n-amhrán, tuiscint ar na focail agus go leor deiseanna le bheith ag canadh i dtimpeallacht spreagúil phléisiúrtha. Beidh roinnt deiseanna ann teacht le chéile ar líne go sóisialta taobh amuigh de na ranganna fosta. Cuirfear na ranganna ar fáil trí chóras Zoom. Beidh na ranganna ar siúl ar bhonn dátheangach: ní gá do na rannpháirtithe a bheith líofa sa Ghaeilge ach beidh eolas ar an teanga ina bhuntáiste.

Amchlár

Freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa seo ar rang uair sa tseachtain, 7.00–8.30pm (am na hÉireann), oíche Chéadaoin. Beidh ocht rang beo ar líne sa chúrsa ag tosú an tseachtain dar tús an 11 Deireadh Fómhair 2021. Ní bheidh aon bhriseadh lár téarma ann an uair seo.

Múinteoir

Is amhránaí agus fidléir í Ellie Nic Fhionnghaile a rugadh agus a tógadh i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall. Tá sí ina hamhránaí leis na grúpaí ceoil Anúna agus Systir. Tá céim sa Cheol Feidhmeach aici ó Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus tá taighde ar siúl aici maidir leis na mná i gceol traidisiúnta na hÉireann.

An bhfuil ceisteanna agat faoinár gcuid cúrsaí ar líne? Fiosrach faoi chanúintí nó líon na ndaoine a bheidh sa rang? An fiú an cúrsa céanna a dhéanamh níos mó ná uair amháin? Tá freagraí le fáil ag an nasc thíos!

Breis eolais »
Oideas Gael

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag oifig@oideasgael.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.